Is mise Caoilfhionn. Is as Leitir Mealláin ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i nGaillimh anois le roinnt blianta. Is bean mhór gige agus cait mé! Is breá liom a bheith ag damhsa, ag déanamh bolg le gréin, a bheith in aice na farraige nó ag snámh inti agus ag fámaireacht thart ag cur aithne ar áiteanna agus ar chultúir nua. Tá céim Baitsiléir Ealaíon san Iodáilis agus Spáinnis agam, Máistreacht i Léann an Aistriúcháin (Iodáilis & Spáinnis), agus Máistreacht Ghairmiúil sa Bhunoideachas agam.
Ba le Laragh agus Dave Cunningham ón Yoga Shala a thosaigh mé leis an ióga i nGaillimh in 2007, agus ina dhiaidh sin thosaigh mé ag freastal ar ranganna ióga Ashtanga go rialta le Fiona Hynes ó Ashtanga Yoga Galway. Mar iardhamhsóir, tarraingíodh m’aird ar an toirt ar dhamhsa an ióga idir ghluaiseacht agus análú, ach ba é an faoiseamh intinne, coirp agus anama a mheall ar ais chuig mo mhata mé arís is arís eile.
Is é an aidhm atá agam ná tú a threorú agus a chumasú chun fáil a bheith agat ar shuaimhneas, neart, misneach, agus eagnaíocht inmheánach. Tá súil agam freisin deis a thabhairt duit d’aird a dhíriú ar do chroí agus d’anam, agus féintuiscint níos doimhne a fháil ort féin mar dhuine.