Ranganna

I was initially apprehensive trying classes for the first time, but Caoilfhionn made it very easy for me to settle into the practice of Yoga. By the second class at Sruth Yoga I felt comfortable trying each new pose and flow with her straightforward guidance. The classes manage to be relaxing, while testing our endurance at the same time. I think this is because we practice a variety of different yoga techniques in each class - balance, postures, breathing, meditation etc. I've noticed my strength and stamina has built up so much since my first week! I always look forward to the classes now and I hope to continue yoga for the years ahead - something I never would have thought I'd do! Caoilfhionn is such an understanding instructor and always so approachable. I'm getting great enjoyment out of this new pastime and I'm learning a lot! I think everyone should give Caoilfhionn's classes at Sruth Yoga a go! ' - Jamie

Ióga Vinyasa

Bí ag súil leis an corp a théamh sa rang seo. Déantar nasc idir anáil agus gluaiseachtaí i seicheamh líofa staidiúirí, ag seasamh, ag suí agus ag luí. Tosaíonn an rang le machnamh gearr agus críochnaíonn sé le scíth. Cuidíonn an rang seo seasmhacht fhisiciúil agus intinne a neartú agus a láidriú, nascadh leis an anáil, agus scaoileadh le teannas chun suaimhneas a fháil. Cuirtear leaganacha éagsúla de na staidiúirí ar fáil chun gur féidir le gach duine cleachtadh a dhéanamh de réir mar a fheileann dá ábaltacht agus dá chorp fhéin.

Ióga Yin

Is é atá i gceist le Ióga Yin ná fanacht i staidiúir agus greamanna éighníomhacha á gcoimeád ar feadh achar ama fhada. Díríonn an Yin ar fhíocháin tacaíochta dhoimhne,  ballnaisc, ailt,  cnámha, teannáin agus faisce an choirp. Trí strus a chur ar na fíocháin sin le linn do bheith i staidiúir ar feadh achar ama fhada is féidir imshruthú sna hailt agus solúbthacht a fheabhsú. Spreagann Ióga Yin na fadlínte miófhaisce chomh maith, mar a thuigtear i leigheas na Síne, rud a chuidíonn le bacainní a bhaint agus le himshruthú fuinnimh an choirp nó qi a rialú. Tairgeann an rang seo an deis duit an intinn agus an corp a mhoilliú, chun díriú isteach agus suaimhneas a aimsiú i spás ciúin agus sábháilte. Tairgtear roghanna agus éagsúlachtaí chun deis a thabhairt do dhaltaí cleachtadh a dhéanamh de réir a gcumais agus a gcoirp féin.

Ióga do pháistí

Cuirtear páistí in aithne don ióga trí asana (staidiúirí), pranayama (análú), scéalta, cluichí, machnamh, léirshamhlú agus scíth treoraithe i dtimpeallacht shábháilte, chuimsitheach, neamhiomaíoch agus  spraíúil. Tá sé mar aidhm agam cabhrú le páistí a chumasú le huirlisí chun déileáil le himní, strus agus dúshláin mhothúchánacha, agus chun teacht acu ar a suaimhneas inmheánach, a bhféinmhuinín agus a dteacht aniar.

Ióga Vinyasa as Gaeilge

Bí ag súil leis an corp a théamh sa rang seo. Déantar nasc idir anáil agus gluaiseachtaí i seicheamh líofa staidiúirí, ag seasamh, ag suí agus ag luí. Tosaíonn an rang le machnamh gearr agus críochnaíonn sé le scíth. Cuidíonn an rang seo seasmhacht fhisiciúil agus intinne a neartú agus a láidriú, nascadh leis an anáil, agus scaoileadh le teannas chun suaimhneas a fháil. Cuirtear leaganacha éagsúla de na staidiúirí ar fáil chun gur féidir le gach duine cleachtadh a dhéanamh de réir mar a fheileann dá ábaltacht agus dá chorp fhéin. Fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa Gaeilge!

Great class! Caoilfhionn really knows her students, she modifies some of the poses during the class to meet the students’ limits and you always feel relaxed after it! Highly recommended!
— Shane